FÉACH AR: Léiriú ‘Uisce - An Gearrscannán Beochana’ ag Féile Scannán Still Voices

Roghnaíodh ‘Uisce’, gearrscannán cúig nóiméad a léirigh mic léinn tríú bliana an Bhaitsiléara Ealaíon (Onóracha) sa Bheochan agus sa Mhaisiú, a bhfuil staidéar á dhéanamh acu ag Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain, chun é a léiriú ag Féile Scannán Still Voices i gContae Longfoirt an 17 Lúnasa sa chatagóir “Déanta i Lár na Tíre”.

In ‘Uisce’, ‘water’ i mBéarla, insítear an scéal faoina laoch eapainmneach - seanchailleach thaghdach, a gnáth-Chorr agus casadh iontach cinniúna. Ag gach gealach iomlán, cuireann dia na farraige tír dhúchais Uisce as a riocht, ach le gealach na fola ag briseadh isteach caithfidh sí a dícheall a dhéanamh an stoirm mhearaí a stopadh.

Dar leis an léachtóir beochana agus deartha Yvonne Hennessy, ba thasc ollmhór é an tionscadal comhoibríoch gearrscannáin, arb é an toradh ar dhá sheachtain déag d’obair deartha agus forbartha, ceann a thástáil a maisitheoir agus a beochantóirí faoi oiliúint.

“Thar chúrsa an tseimeastair, chuir ár mic léinn bheochana agus mhaisithe feabhas ar a dtacar scileanna agus d’fhorbair siad scileanna úra in ealaíontacht thraidisiúnta agus i mbogearaí. Idir thaighde, dhearadh carachtar agus scéalchlárú agus maisíocht fuaime agus guthú a thaifeadadh, tháinig ár mic léinn le chéile mar chomharghrúpa agus ghlac siad leis an dúshlán, agus ar deireadh léirigh siad saothar ealaíne ar féidir leo ar fad a bheith an-bródúil ar fad as,” a dúirt sí.

Mar sin, an bhfuil Uisce thar a hacmhainn? Caithfidh tú féachaint air le fáil amach! Faigh spléachadh faoi choim air anseo: https://vimeo.com/336064127

Download Hi-Res Image for FÉACH AR: Léiriú ‘Uisce - An Gearrscannán Beochana’ ag Féile Scannán Still Voices

Share This News Story